CÚNAMH AGUS CABHAIR (#13768)

A Dhia a bhfuil d’aghaidh mar chuspóir m’adhartha, a bhfuil d’áilleacht ina tearmann agam, a bhfuil d’aitreabh mar sprioc agam, a bhfuil do mholadh mar údar mo dhóchais, a bhfuil d’oirchill mar chompánach agam, a bhfuil do ghrá ina ábhar beatha agam, a bhfuil mo thrácht ort ina sholas dom, a bhfuil cóngaracht duit mar mhian agam, a bhfuil do láthair mar an rud is ansa agus is mó dóchas liom, achainím ort gan na nithe úd a cheilt orainn atá i ndán agat don dream tofa i measc do chuid seirbhíseach. Cuir ar fáil dom, dá réir sin, maith an tsaoil seo agus an tsaoil atá le teacht. 

Is tu, go deimhin, Rí an uile dhuine. Níl Dia ar bith eile ann ach tú, an Síor-Mhaiteach, an SárFhlaithiúil.

-Bahá'u'lláh
-----------------------

CÚNAMH AGUS CABHAIR (#13769)

A Dhia m’adhartha, mo Rí agus mo Mhian! cad é an saghas teanga a chuirfidh ar mo chumas mo bhuíochas duit a chur os ard. Bhí mé ar nós cuma liom agus dhúisigh tú mé. Chuir mé cúl leat agus rinne tú de chineáltas orm mé a chasadh i do threo. Bhí mé mar a bheadh marbhán ann agus rinne tú beo, beathach mé le huisce na beatha. Bhí mé críon agus rinne tú mé a athbheo le sruth neamhaí d’urlabhra atá i ndiaidh sileadh ó Pheann an Uile-Thrócairigh. 
A Thiarna na hOirchille Diaga, ba de thairbhe d’fhéile diaga a gineadh an chruthaitheacht go léir. Ná ceil uirthi uiscí do fhlaithiúlachta agus ná coinnigh uaithi aigéan do thrócaire. Agraím ort agus tabhair cúnamh agus cuidiú dom in gach uair agus ins an uile chor agus iarraim ar neamh do ghrásta d’fhabhar ársa. Is tú, go deimhin Tiarna na Féile agus Flaith na ríochta síoraí.

-Bahá'u'lláh
-----------------------

CÚNAMH AGUS CABHAIR (#13770)

A Dhia, a Thiarna agus a Mháistir! dhealaigh mé le mo bhunadh agus d’iarr mé le do chabhairse a bheith neamhspleách ar gach éinne dá maireann ar domhan agus a bheith ullamh i dtólamh le glacadh lena bhfuil inmholta i do láthair. Bronn orm an mhaith úd a dhéanfaidh neamhspleách mé ar éinní seachas tú féin agus deonaigh go bhfaighidh mé sciar níos flúirsí de d’fhabhar gan teorainn. Go deimhin is tusa Tiarna an ghrásta rófhairsing.

-The Báb
-----------------------

CÚNAMH AGUS CABHAIR (#13771)

A Thiarna! is díol trua sinn deonaigh d’fhabhar dúinn; is bochtáin sinn roinn orainn ó aigéan do shaibhris; is dream dearóil sinn déan sinn a shásamh, dream uiríseal tabhair dúinn do ghlóir. Is uaitse a fhaigheann éanlaith an aeir agus beithígh an mhachaire a mbia gach lá agus tugtar don uile chréatúir beo a sciar féin de d’aire agus de do chineáltas grách. 
  Ná ceil ar an neach anbhann seo do ghrásta éachtach agus de gheall ar do neart bronn cuid de d’fhéile ar an duine éidreorach seo. 
  Tabhair dúinn ár n-arán laethúil agus deonaigh biseach ar riachtanais an tsaoil dúinn sa chruth go mbeimid neamhspleách ar an uile dhuine ach tú, gur leatsa amháin a dhéanfaimid cumann, go siúlfaimid i do chosánsa agus go gcuirfimid os ard do chuid rúndiamhra. Is tusa an tUileChumhachtach, an Grách, agus Soláthraí an chine dhaonna go léir.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

CÚNAMH AGUS CABHAIR (#13772)

Ná baintear dínn, a Thiarna, bord na féile atá leata i d’ainm, ná ná múchtar an bhladhm lasrach atá adhainte ag do thine dho-mhúchta. Ná cuirtear bac ar shruth an uisce bheo úd de do chuidse a bhfuil séis do ghlóire agus do chuimhne  ina manrán aige, ná ná coinnítear ó do sheirbhísigh dea-bholadh do chumhráin á shéideadh le leoithní cumhra do ghrá. 
A Thiarna! go ndéantar só de chúraimí cráite do chumainn naofa, compord dá ndua, glóir dá n-uirísleacht, aoibhneas séanmhar dá gcumha, a Dhia a bhfuil greim agat ar  shrianta an chine dhaonna uile. 
Is tú, go deimhin, an Neach Aonair, an tAonarán, an Cumhachtach, an tUile-Fheasach, an tUile-Chríonna.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

